High Court quashes Article 71 breach finding due to procedural irregularities and pending Supreme Court rulings.
Sintesi Legislator
Generato dall'IAThe High Court quashed the previous judgment regarding Article 71 of the Courts Act 1924 due to significant procedural irregularities and pending Supreme Court decisions. The applicant argued that the District Court judge lacked sufficient Irish language skills, while the State contended that the matter was already decided by the Supreme Court. The court declined to rule on the merits because the legal questions were not yet settled by higher authorities.
Regesto Legislator
Generato dall'IAArticle 71 of the Courts Act 1924; Article 34 of the Constitution: Where a question of law is not yet determined by the Supreme Court, the High Court must not decide the merits of the case.
Parole chiave
Generato dall'IADisposizioni normative citate
Generato dall'IAGiurisprudenza citata
Generato dall'IATesto completo
Uimhir Luaite Neodrach: [2010] IEHC 335
AN ARDCHÚIRT
ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH
2008 532 JR
IDIR
PASCAL MAC AODHÁIN
IARRATASÓIR
AGUS
ÉIRE AGUS AN tARD-AIGHNE, RIALTAS NA hÉIREANN, AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT, COMHIONANNAIS AGUS ATHCHÓIRITHE DLÍ,
AGUS AN STIÚRTHÓIR IONCHÚISEAMH POIBLÍ
FREAGRÓIRÍ
BREITHIÚNAS an Bhreithimh Onóraigh Clarke tugtha an 30ú Iúil, 2010
1. Réamhrá
1.1 Seo dara breithiúnas sna himeachtaí seo. Is féidir cúlra an cháis a fháil i mbreithiúnas a thug mé ar an 19ú Feabhra, 2010
(MacAodháin v. Ireland & Ors (Neamhthuairiscithe, An Ard-Chúirt, Clarke Bh., an 19ú Feabhra, 2010)) agus ní gá é a thabhairt arís
anseo. Choinnigh an t-iarratasóir (“An tUasal MacAodháin”) leis na himeachtaí seo agus é á áitiú aige go bhfuil an Rialtas ag sárú a
chuid dualgas faoi alt 71 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (“Acht 1924”). Deirtear nach gcomhlíonann ceapachán an Bhreithimh
Dúiche Zaiden chuig Dúiche 1 (ar limistéar í a chuimsíonn ceantar Gaeltachta) an alt sin má chuirtear san áireamh freisin nach bhfuil
dóthain Gaeilge ag an mBreitheamh Dúiche Zaiden chun imeachtaí a stiúradh gan chabhair ó ateangaire.
1.2 Ina theannta sin, ardaítear roinnt saincheisteanna tánaisteacha maidir le doiciméid a aistriú go Gaeilge.
1.3 Bhain an breithiúnas roimhe seo, dár thagair mé níos luaithe, le follasú (“an breithiúnas follasaithe”). Ar na cúiseanna a leagtar
amach sa bhreithiúnas follasaithe, d’ordaigh mé go ndéanfadh na freagróirí (“An Stát”) catagóir shainiúil doiciméad a fhollasú. Ós rud é
go n-ardaítear an cheist a bhfuil orm cinneadh a dhéanamh ina taobh anois i gcúinsí neamhghnácha maidir le nós imeachta, is cuí ar an
gcéad dul síos plé le stair an cháis seo ó thaobh nós imeachta de ó rinneadh an t-ordú follasaithe sin.
2. Stair maidir le Nós Imeachta
2.1 I gcomhlíonadh an ordaithe um fhollasú dár thagair mé cheana rinne an Stát mionnscríbhinn follasaithe. Ardaíodh ceist a bhain le
héileamh pribhléide a rinneadh sa mhionnscríbhinn fhollasaithe sin. Rinne an tUasal MacAodháin foriarratas a sheirbheáil inar ceistíodh
bailíocht na pribhléide a éilíodh. Fad is a bhí an foriarratas sin ar feitheamh, d’iarr abhcóide ar son an Stáit cead fógra a thionscnamh,
ar dúradh faoi go gcuirfeadh sé deireadh leis na himeachtaí dá n-éireodh leis.
2.2 Tionscnaíodh an foriarratas sin. Ós rud é go gcuirfí deireadh leis na himeachtaí i ndáiríre dá n-éireodh leis an iarratas ábhartha,
d’aontaigh abhcóidí ón dá thaobh gurbh cuí plé ar dtús le hiarratas an Stáit. Dírítear an breithiúnas seo ar na saincheisteanna a tháinig
anuas maidir leis an iarratas sin.
2.3 Ní mór dom rud amháin a rá roimh plé le tuillteanais an iarratais sin. San iarratas sin féachann an Stát le hargóint a dhéanamh go
bhfuil na himeachtaí seo aincheaptha. I dtosach báire agus go príomha deirtear nach dtugann alt 71 aon chearta do dhaoine go
ndéanfaí imeachtaí a stiúradh ag breitheamh atá in ann plé le fianaise a thugtar trí Ghaeilge mura bhfuil ateangaire i láthair. Ina
theannta sin deirtear go bhfuil na himeachtaí seo inphléite de bharr nach é an Breitheamh Dúiche Zaiden breitheamh Dhúiche 1 níos
mó. Thairis sin, maidir leis na saincheisteanna breise a ardaíodh mar gheall ar dhoiciméid dlí éagsúla a aistriú, deirtear gur chinn an
Chúirt Uachtarach na hábhair sin sa chás Ó Murchú v. An Taoiseach & Ors (Neamhthuairiscithe, An Chúirt Uachtarach, An Breitheamh
Macken, an 6ú Bealtaine, 2010).
2.4 Maidir leis an bhforiarratas a ndírítear an breithiúnas seo air, iarrtar ann ordú chun na himeachtaí a scriosadh amach “inter alia”
mar nach bhfuil na himeachtaí inargóinte de bharr go ndeirtear nach n-ardaíonn alt 71 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924
saincheisteanna ar féidir iad a shocrú i gcúirt.
2.5 Go deimhin tá sé de cheart ag an Stát an cheist a chur an amhlaidh go dtugann alt 71, má fhorléirítear i gceart é, aon chearta do
dhaoine cosúil leis an Uasal MacAodháin. Níl sé chomh soiléir, áfach, go bhfuil an Stát i dteideal foriarratas a thionscnamh os comhair
na Cúirte ina fhéachtar leis na himeachtaí a scriosadh amach ar an mbonn sin.
2.6 Is iomaí bealach atá ag na cúirteanna agus iad ag plé le hiarratas trína n-ardófar saincheisteanna áirithe i gcás atá á chinneadh
roimh saincheisteanna eile. Ceadaítear i Rialacha na nUaschúirteanna iarratas a dhéanamh maidir le réamh-shaincheist a thriail. Tá dlí-
eolaíocht ann anois maidir le trialacha modúlacha, mar a thugtar orthu, ina gcinntear saincheisteanna de réir a chéile (féach, mar
shampla, Cork Plastics v. Ineos Compounds [2007] IEHC 247). Sa chaoi chéanna is féidir tuillteanais imeachtaí i gcomhair suim
leachtaithe a tionscnaíodh trí thoghairm achomair a scrúdú ar fhoriarratas ar bhreithiúnas chun a chinneadh an ann do chosaint
dháiríre. Thairis sin, tá cosantóirí i dteideal iarraidh an dlínse a agairt a shainítear den chéad uair in Barry v. Buckley [1981] I.R. 306,
chun imeachtaí a scriosadh amach mar gurb amhlaidh nach n-éireoidh leo. I gcomhthéacs athbhreithnithe bhreithiúnaigh féadann
freagróir iarraidh go ndéanfaí cead a chúlghairm maidir leis an éileamh ábhartha ar fad nó le cuid shainiúil de.
2.7 Rinne gach ceann de na dlínsí ábhartha sin, áfach, teorainneacha a oibriú amach go cúramach maidir leis an méid gur féidir an
dlínse atá i gceist a agairt, agus leis na himthosca inar cuí don chúirt idiragairt a dhéanamh. Baineann cúis shoiléir leis seo. Is é
cleachtadh na gcúirteanna gur minic gurb é an bealach is faide an bealach is giorra abhaile. Cé go gceapfaí go mbeadh sé
tarraingteach saincheisteanna áirithe a phiocadh amach i gcomhair triail luath, níl ann ach tarraingt éadomhain. Féadann a leithéid de
ghníomhaíocht moill a chur ar imeachtaí chomh maith le tuilleadh costais a ghearradh orthu. Ar an ábhar sin ní fheidhmítear gach ceann
de na dlínsí dár thagair mé ach i gcúinsí a rialaítear go cúramach, áit a bhfuil an chúirt sásta go leanfaidh próiseas feabhsaithe ó
thaobh an cháis de mar thoradh ar an ngníomh a mholtar.
2.8 Ní ceadmhach do pháirtí iarracht a dhéanamh cinneadh a fháil maidir le saincheist amháin i gcás ar fhoriarratas gan an dlínse
bheacht a hagraítear a shainaithint agus gan na critéir a chomhlíonadh a cuireadh ar bun le go bhfeidhmeodh an dlínse sin. Nílim
cinnte, mar sin, gur tionscnaíodh i gceart an foriarratas a thionscain an Stát. Ós rud é, áfach, go raibh an dá thaobh sásta go
ndéanfainn cinneadh ar an ábhar, agus ós rud é gur pléadh go hiomlán é, tá sé de rún agam déileáil leis ar a thuillteanais. Ní cóir,
áfach, glacadh leis an mbreithiúnas seo amhail is dá mbeadh sé ag toiliú le nós imeachta áit ar féidir foriarratas den chineál seo a
thionscnamh gan dlí-eolaíocht sheanbhunaithe a agairt maidir le cinneadh a fháil ar an tsaincheist ábhartha roimh an bpríomh-
éisteacht.
2.9 Dírím, mar sin, ar an bpríomh-shaincheist atá i gceist idir an dá pháirtí, is é sin cé acu an féidir nó nach féidir alt 71 d’Acht 1924 a
shocrú i gcúirt.
3. An bhfuil Alt 71 inbhreithnithe?
3.1 Caithfidh gurb é an pointe tosaigh ó thaobh alt 71 a mheas cinneadh na Cúirte Uachtaraí in Ó Monachain v An Taoiseach [1980-
1998] T.É.T.S. 1. Bhain an cás sin le cointinn gur theip ar an Rialtas alt 71 d’Acht 1924 a chomhlíonadh, maidir le ceapachán an
Bhreithimh Dúiche Larkin, mar a bhí ag an am, chuig Dúiche Uimhir 1. Chinn an Chúirt Uachtarach le tromlach dó le haon nár theip ar an
Stát a dhualgas a chomhlíonadh faoin alt. Chinn breithiúnas mionlaigh an Bhreithimh Walsh, ag brath ar fhoclaíocht alt 71, cé nach
raibh dualgas absalóideach ar an Stát breitheamh a cheapadh a bheadh in ann imeachtaí a éisteacht gan ateangaire, gurb ann mar sin
féin do dhualgas coinníollach nár comhlíonadh de réir fhíricí an cháis. Cé go raibh tuairim dhifriúil ag an tromlach (Henchy Bh. agus
Griffin Bh.) i ndáil leis na fíricí, nocht an bheirt acu tuairimí faoi dhualgais an Rialtais a bhí cosúil leis a cinn a nocht an Walsh Bh.. Níl
rud ar bith in aon cheann de na breithiúnais a thabharfadh le tuiscint go raibh aon bhall den chúirt den tuairim, maidir le cás cuí, nach
mbeadh iarratasóir cuí in ann ordú a fháil, maidir leis an Rialtas gan a dhualgais a chomhlíonadh faoi alt 71.
3.2 Agus an breithiúnas sin á chur san áireamh, thug abhcóide ar son an Stáit faoi deara nár áitíodh an cheist cé acu an dtugann nó
nach dtugann alt 71 d’Acht 1924 cearta d’aon pháirtí sa chaoi is gur féidir na cearta sin a fhorghníomhú in imeachtaí. Go deimhin tá an
ceart ag abhcóide maidir leis sin agus is fíor a rá, mar a thug abhcóide faoi deara, mura ndéantar pointe a áitiú, nach ndéantar
cinneadh faoi.
3.3 Bheadh sé ina chúis ionaidh, áfach, mura mbeadh sé luaite ag triúr breitheamh den ghradam agus den chleachtas agus atá ag
breithimh na cúirte sa chás Ó Monachain nach bhfuil alt 71 d’Acht 1924 inbhreithnithe dá mba rud é gurb é sin an tuiscint ar cheart a
bhaint as an alt. Cé nach bhfuil mé sásta, mar sin, go bhfuil cinneadh cinntitheach déanta faoin bpointe ag an gCúirt Uachtarach sa
chás Ó Monachain sa chaoi is mbeadh sé de cheangal orm, mar sin féin creidim gurb údarás suntasach é cás Ó Monachain i bhfabhar
na tairisceana go n-ardaítear cearta aonaracha faoi alt 71 d’Acht 1924.
3.4 Is é an argóint a cuireadh ar aghaidh ar son an Stáit nach raibh sé i gceist ag an alt cearta a bhronnadh ar dhaoine aonaracha.
Deirtear gurbh é cuspóir an ailt éifeachtacht a bhaint amach trína chinntiú, chomh fada agus is praiticiúil, nach ndéanfaí imeachtaí a
mhoilliú agus a dhéanamh níos casta i gcás breithimh a bheadh ag éisteacht cásanna i gceantair Ghaeltachta trí riachtanas a bheith
ann ateangairí a bheith i láthair.
3.5 Is fiú a thabhairt faoi deara gurb é an caighdeán Gaeilge atá ar an Rialtas a lorg (a oiread agus is inoibrithe) i gcás bhreithimh
dhúiche ábhartha ná caighdeán a ligfeadh don bhreitheamh sin plé le fianaise as Gaeilge (seachas áitiú dlí) gan chabhair ó ateangaire.
Cé go mbaineann dúshláin ar leith ó thaobh chumas Gaeilge an rannpháirtí le hargóint dhlíthiúil a stiúradh as Gaeilge gan ateangaire
(cibé an abhcóide nó breitheamh atá i gceist), baineann tábhacht ar leith le fianaise. D’fhéadfadh daoine a bhfuil cumas teoranta
teanga acu gan aird a thabhairt ar phointí fianaise a bheadh soiléir do dhuine a mbeadh líofacht níos fearr aige.
3.6 D’fhéadfadh go mbeadh buntáiste riaracháin ar leith ag gabháil le breitheamh a bheith ag feidhmiú i gceantar Cúirte Dúiche a
chuimsíonn ceantar Gaeltachta a mbeadh dóthain Gaeilge aige nó aici chun nach mbeadh gá le hateangaire maidir le haon fhianaise a
thabharfaí as Gaeilge. Bheadh an Rialtas in ann an éifeachtacht riaracháin sin a chur i bhfeidhm ar aon nós, áfach. Rialaíonn an Rialtas
cén breithimh a cheaptar go buan chuig ceantair na Cúirte Dúiche. Dá measfaí go mbeadh sé inmhianaithe ó thaobh na héifeachtachta
riaracháin de nach gceapfaí ach breithimh a raibh an leibhéal riachtanach Gaeilge acu chuig na ceantair sin, sa chás sin bheadh an
Rialtas in ann é sin a chur i bhfeidhm gan aon idirghabháil reachtúil. Bheadh an Rialtas in ann daoine a raibh na cáilíochtaí cuí acu a
bheith ceaptha ach iad a bheith ar fáil. Cén fáth mar sin go raibh reachtaíocht ag teastáil?
3.7 Cé nach bhfágaim as an áireamh go bhféadfadh sé a bheith amhlaidh go raibh caoithiúlacht riaracháin i gceist, táim sásta go
léiríonn an reachtaíocht a bheith curtha i bhfeidhm, agus alt 71 mar chuid di, go raibh sé i gceist dualgas dlí a chur ar an Rialtas
téarmaí alt 71 a chomhlíonadh. Feictear dom, má tá an ceart ag an Stát, go gcruthódh alt 71 d’Acht 1924 oibleagáid dhlíthiúil nach
mbeadh duine ar bith i dteideal a fhorfheidhmiú. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach gceistíonn an tsaincheist a ardaíodh ar
son an Stáit teidlíocht phearsanta an Uasail Mhic Aodháin na saincheisteanna seo a ardú in aon chor, sa chás gur féidir iad a ardú ar
chor ar bith. Feictear dom go mbeadh an-leisce ar chúirt tuiscint a fheidhmiú ar aon réim reachtúil go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar
Rialtas nach bhfuil aon duine in ann a fhorfheidhmiú. Tá mé sásta mar sin go bhfuil alt 71 inbhreithnithe. Ní gá sa chás seo na
paraiméadair a shainiú a dtagródh duine dóibh a d’fhéadfadh a bheith i dteideal alt 71 a agairt, mar nár ardaíodh aon cheist faoi
theidlíocht phearsanta an Uasail Mhic Aodháin sna himeachtaí seo. Táim sásta mar sin go bhfuil an tUasal MacAodháin, ó thaobh an
phrionsabail de, i dteideal na himeachtaí seo a chothabháil.
3.8 Cé nach raibh siad seo lárnach don chás a rinneadh ar son an Stáit, ba cheart dom aird a thabhairt go hachomair ar dhá cheist
eile a ardaíodh le linn na hargóinte.
4. Na Pointí Tánaisteacha
4.1 Bhain an chéad cheist a ardaíodh leis an bhfíoras, nach bhfuil aon amhras faoi, nach bhfuil an Breitheamh Zaiden ina Bhreitheamh
ar Dhúiche 1 a thuilleadh. Sna himthosca sin deirtear go bhfuil an cás inphléite. Ní mór a thabhairt faoi deara freisin gur tháinig an
Breitheamh Kilrane i gcomharbas ar an mBreitheamh Zaiden mar Bhreitheamh i nDúiche 1. Ardaíodh ceisteanna comhchosúla faoi an
raibh an cumas Gaeilge ag an mBreitheamh Kilrane a sainíodh in alt 71 d’Acht 1924. Ina dhiaidh sin ceapadh an Breitheamh Dúiche
Hughes. I litir dár dáta an 2ú Iúil, arna seoladh ag Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit chuig aturnaetha an Uasail Mhic Aodháin, dúradh,
mar shoiléiriú ar chomhfhreagras roimhe sin nach gá tagairt a dhéanamh dó, go raibh “roinnt” Gaeilge ag an mBreitheamh Dúiche
Hughes. Dúradh freisin gur chur Uachtarán na Cúirte Dúiche in iúl go bhféadfaí, i gcásanna nuair ba chuí é, breitheamh le cumas níos
fearr Gaeilge a cheapadh chun plé le hábhair aonaracha de réir cásanna.
4.2 Is amhlaidh mar sin gur ann fós, go féideartha ar a laghad, don tsaincheist lárnach, cé go bhfuil an cheist ar leith a bhaineann leis
an mBreitheamh Dúiche Zaiden inphléite má bhreathnaítear go géar uirthi. Tá leibhéal baileach an dualgais atá ar an Rialtas faoi alt 71
d’Acht 1924 fós míshoiléir. Dealraíonn sé dom go dtagann an cás seo go soiléir i gcatagóir na gcásanna áit, cé gurb amhlaidh go bhfuil
an tsaincheist a ardaíodh inphléite má bhreathnaítear go géar uirthi, tá gach cosúlacht ann go bhféadfadh an cheist chéanna a
bhaineann leis na páirtithe céanna a theacht anuas arís (féach, mar shampla, Condon v. Minister for Labour [1981] I.R. 62). Ní cás é
seo, i mo thuairimse, ina bhfuil sé soiléir nach cóir dul ar aghaidh leis ar na forais go bhfuil sé inphléite.
4.3 Bhain na ceisteanna eile a tháinig anuas lena mhéid a ndearnadh cinneadh i gcás Ó Murchú maidir leis na saincheisteanna atá
bainteach le haistriú doiciméad dlí, a d’ardaigh an tUasal Mac Aodháin sa chás seo. D’fhéadfadh go bhfuil cinneadh cinntitheach déanta
ag an gCúirt Uachtarach i gcás Ó Murchú maidir le cuid de na saincheisteanna a ardaíodh. Níl aon amhras orm nach ndéanfaidh
abhcóide ar son an Uasail Mhic Aodháin iarracht, sna haighneachtaí scríofa a chomhdófar nuair a thiocfaidh an t-iarratas seo chun
éisteachta, saincheisteanna a athoscailt a chinn an Chúirt Uachtarach go cinntitheach le déanaí. Tá ceisteanna ann go fóill, áfach,
faoi cé acu ar chloígh nó nár chloígh an Stát leis na dualgais a cinneadh i gcásanna cosúil le cás Ó Murchú, agus, murar chloígh, céard
iad na torthaí ar cheart a bheith ann. Dealraíonn sé dom gurb ábhair iad seo ar cheart iad a chinneadh ag an triail iomlánach.
5. Conclúidí
5.1 Ar na cúiseanna a d’fhéach mé le hanailís a dhéanamh orthu táim sásta, mar sin, go bhfuil alt 71 d’Acht 1924 inbhreithnithe. Is gá
anois go gcinnfear an ghné sin de na himeachtaí ar a tuillteanais.
5.2 Níor cheart go ndéanfaí aon ghné de na imeachtaí seo a chinneadh ag an bpointe seo mar gheall ar aon cheann de na pointí
tánaisteacha a ardaíodh ar son an Stáit.